Scéimeanna Bóithre

Tá Comhairle Contae Mhuineacháin ag obair i gcomhar le Comhairle Contae Lú agus Bonneagar Iompair Éireann (TII) chun scéim uasghrádaithe a fhorbairt do 32km ar an mBóthar N2/A5 Baile Átha Cliath go Doire. Tá an tionscnamh molta suite sa dá Chontae Muineachán agus Lú, idir Baile Átha Fhirdhia agus Baile na Lorgan. Tugtar Scéim Bóthair N2 Baile Átha Fhirdhia go Baile na Lorgan ar an scéim úd.

Seo tionscnamh tábhachtach chun feabhas a chur ar an gceangailteacht Thuaidh/Theas agus Réigiúnach agus ar shábháilteacht ar bhóithre.

Cheap Comhairle Contae Mhuineacháin Innealtóirí Comhairlaitheach Jacobs chun an tionscnamh a bhreith trín bpróiseas pleanáil agus dearadh. Faoi réir maoiniú ar fáil, forbrófar an dearadh de réir a chéile agus beidh deis ag an bpobal páirt a ghlacadh sna cinntí a thógtar ag gach céim den phróiseas.


Cúlra an Tionscnaimh

Príomhbhóthar náisiúnta is ea an N2 a cheanglaíonn Baile Átha Cliath le Doire agus an iarthuaisceart, téitear trín dá bhaile Baile Shláine agus Baile Átha Fhirdhia, seachnaítear Carraig Mhachaire Rois, Baile na Lorgan agus Muineachán sula dtagtar ar an A5 ag gabháil trí Thuaisceart Éireann.  

Mí Marta 2007 d’fhógair Seansailéir Státchiste an RA agus an Taoiseach clár ollmhór nua a chuimsigh Dorchla Iompair an Iarthair an A5 ó Áth na Cloiche go Doire (A5 WTC). Sa tionscnamh ollmhór bonneagair seo dírítear ar uasghrádú ar bhreis is 85km den bhóthar A5 i dTuaisceart Éireann go caighdeán débhealaí. Tá Comhairle Contae Mhuineacháin ag obair freisin ar scéim chun 28km den N2 Cluain Tiobraid go Teorainn Tuaisceart Éireann a uasghrádú.

Anuas ar na feabhsúcháin mholta don bhealach N2/A5, cuirfidh an Scéim Mholta N2 Baile Átha Fhirdhia go Baile na Lorgan go mór le ceangailteacht iompair agus beidh teacht níos éasca ar bhóithre náisiúnta straitéiseacha mar an N33/M1, N52 agus N53.


Cúrsaí faoi Láthair

Táthar chun ‘Rogha Conaire Bealaigh á Nochtadh’ a fhoilsiú anois agus an tionscnamh ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile sa chomhairliúchán poiblí.

Tá an Meitheal Tionscnaimh tar éis measúnacht a dhéanamh ar na Roghanna Conaire Bealaigh a foilsíodh mí na Samhna 2019. Tharla machnamh ar an aiseolas a tháinig trín tarna comhairliúchán poiblí neamhreachtúil fad is a bhí an ‘Rogha Conaire Bealaigh á Nochtadh’ á aithint. Seo Céim 2 sa phróiseas um phleanáil agus dearadh a míníodh i ‘dTreoracha Bainistíochta an Tionscnaimh ag TII.

Séard is brí le Rogha Conaire Bealaigh á Nochtadh ná an Rogha Conaire Bealaigh a measadh mar an rogha a chruthódh an cnuasach is fearr ó thaobh leas agus tionchar de is é bunaithe ar na 6 chritéir a chuirtear san áireamh maidir le tionscnaimh iompair bóthair:

  • Tíosacht
  • Sábháilteacht
  • Comhshaoil
  • Inrochtaineacht agus Imeascadh Sóisialta
  • Slánú
  • Gníomhaíocht Fhisiciúil

De réir cineáil bíonn an Rogha Conaire Bealaigh á Nochtadh 400m ar leithead. Ní hé sin an leithead iomlán don scéim bóthair ná na tailte a gheofar – taispeánann an chonair na tailte atá oiriúnach leis an scéim bóthair N2 a fhorbairt orthu. Forbrófar na sonraí cruinn maidir le fáil talún, oibreacha saothrú talaimh, dearadh gabhal is taobh-bhóithre agus tionchar ar mhaoin le linn an chéad Chéim eile sa phróiseas deartha.

Tá an tionscnamh anois ag dul ar aghaidh go dtí an 3ú chéim sa chomhairliúchán poiblí neamhreachtúil. Lena linn sin fáilteofar roimh aiseolas ar an Rogha Conaire Bealaigh á Nochtadh. Tá eolas, líníochtaí agus sonraí maidir le conas aighneacht a dhéanamh ar an leathanach ‘Comhairliúchán Poiblí’.

Beidh aiseolas agus aighneachtaí faighte trín 3ú chomhairliúchán poiblí á meas ag an Meitheal Tionscnaimh sula gcinntítear Rogha Conaire Bealaigh (an Rogha is fearr). Beidh deireadh ansin leis an bpróiseas roghnaithe Céim 2 agus foilseofar an ‘Tuairisc Roghnaithe’ agus an ‘Rogha Conaire Bealaigh’. Mar a léirítear i Léarscáil Bóthair na gComhairliúchán Phoiblí ar an gcéad leathanach eile anso, meastar go dtarlóidh sé sin i 2020/2021. Foilseofar uasdátú, nuacht agus sonraí ar www.N2MonaghanLouth.ie agus i nuachtáin agus meáin áitiúla.

Ach Rogha Conaire Bealaigh a bheith socair féadfar tús a chur leis an gcéad Chéim eile sa phróiseas pleanála agus deartha (faoi réir na gceadanna cuí), aithneofar an fháil riachtanach talún, dearadh gabhal is taobh-bhóithre agus ullmhófar Tuairisc Measúnú Tionchar Comhshaoil. Lena

linn sin pléifear arís le húinéirí talún agus páirtithe eile leasmhara mar chuid den phróiseas leanúnach deartha mar a léirítear sa Léarscáil Bhóthair Chomhairliúcháin Phoiblí anso thíos: